Gaelphobal - Baile Locha Riach

แชร์
ฝัง
  • เผยแพร่เมื่อ 15 ก.ย. 2024
  • Tá Foras na Gaeilge tar éis infheistiú corradh is €4.1 milliún a éascú go dtí seo sa phróiseas pleanála teanga in ocht gceantar a fuair aitheantas oifigiúil le déanaí ar son na bhforbairtí ina bpobail Ghaeilge. Fuair na pobail seo ar fud na tíre an t-aitheantas seo agus tugadh tacaíocht agus maoiniú stáit dóibh chun pleananna teanga a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge ina gceantar a fheabhsú a thuilleadh.
    Tá réimse d’imeachtaí agus seirbhísí á bhforbairt ag Gaeilge Locha Riach do chuile aoisghrúpa, chun cur leis na deiseanna atá ar fáil chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Leagtar amach spriocanna agus beartais praiticiúla i bPlean Teanga Bhaile Locha Riach a bhaineann le gach réimse. Don dream óg, tá muid ag iarraidh club óige Spleodar a neartú agus spás a chur ar fáil do dhaoine óga chun go mbeidh siad in ann an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Beidh grúpa Teaghlaigh le Gaeilge á fhorbairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge, chun tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh agus chun imeachtaí trí Ghaeilge a eagrú don chlann uile. Bíonn ciorcal comhrá Cairde Cois Locha ag bualadh le chéile chuile Chéadaoin, agus tá an grúpa ag éirí níos gnóthaí chuile sheachtain. Beidh turais agus imeachtaí spéisiúla á chur ar fáil ina mbeidh daoine in ann a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh.
    Tá Aoife Ní Chonghaile ceaptha mar oifigeach pleanála Teanga i mBaile Locha Riach, agus í i gceannas ar na beartais atá sa bplean teanga a stiúradh agus a bhaint amach. Tá chuile bheart sa bplean teanga dírithe ar cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i mBaile Locha Riach. Is féidir teacht ar an bplean teanga seo, chomh maith le chuile eolas faoi na himeachtaí a bheas ar siúl againn, ar ár suíomh greasáin nua: www.gaeilgelochariach.ie.
    I measc na dtosaíochtaí atá againn don bhliain 2022, tá staidéar féideartheachta le déanamh chun tearmann fisiciúil a fhorbairt, ionad ina mbeidh ár seirbhísí suite agus a bheas mar ionad infheicthe ag pobal labhartha na Gaeilge sa mbaile. Le cúig bliana is fiche anuas, tá próifíl na Gaeilge ardaithe go mór sa mbaile agus sa gceantar timpeall air, agus tá pleananna agus spriocanna soiléire anois againn don gcéad chúig bliana is fiche eile, mar sin tá muid ag súil go mór le feiceáil cén dul chun cinn atá muid in ann a dhéanamh sna blianta amach romhainn.
    Foras na Gaeilge has facilitated the investment of over €4.1 million to date in the language planning process in eight areas that have recently received official recognition for the developments in their Irish language communities. These communities across the country have received this recognition and have been provided state support and funding in order to draft and implement language plans to further enhance the use of the Irish language in their area.
    A range of activities and services is being developed by Gaeilge Locha Riach for all age groups, to add to the opportunities already available to learn and use the Irish language. Practical targets and policies are set out in the Loughrea Language Plan in connection with all areas. For the young we are seek to strengthen the youth club Spleodar and to provide a space for young people so they can use the Irish language outside of the education system. A Families with Irish group will be developed for families rearing their children with Irish, to provide supports for them and to organise activities through Irish for the whole family. There is a conversation circle, Cairde Cois Locha, meeting every Wednesday, and the group is getting busier every week. Trips and interesting activities will be provided where people can use and practice their Irish.
    Aoife Ní Chonghaile has been appointed as language planning officer in Loughrea, in charge of directing and achieving the policies in the language plan. Every measure in the language plan is aimed at increasing the number of daily Irish speakers outside of the education system in Loughrea. This language plan, as well as all information about the events we have taking place, can be found on our new website: www.gaeilgelochariach.ie.
    Pól Mag Lionnáin, Chairperson of Gaeilge Locha Riach, said, “I welcome the launch of the Gaelphobal campaign which gives us an opportunity in Gaeilge Locha Riach to share our experiences and gain expertise from groups across the country promoting the Irish language. The campaign will give us opportunities to create more spaces in Loughrea where Irish will be spoken. It also reminds us that everyone, each individual member of the community, has a responsibility to work together if they agree with this goal we have for our town and for the people, young and old, who will live here in the years ahead.”
    #Gaelphobal
    Gaelphobal.ie

ความคิดเห็น •