Seamus Heaney • The Poetry of Zbigniew Herbert (1)
ฝัง
- เผยแพร่เมื่อ 14 ต.ค. 2012
- Seamus Heaney reads and reflects on the poetry of Zbigniew Herbert. This event was organised by the Irish Polish Society Dublin, Ireland-Poland Cultural Foundation and the Polish Embassy in Ireland.
Irish Writers' Centre
Parnell Square, Dublin.
16 October 2008
Camera : Marek Bogacki
Produced by DOCUMENTAVI MMVIII
Piekne wydarzenie!
CUDOWNE !!! THANKS !
10:55 - Watching the hopes expire…
TITHE NA mBRUACHBHAILTE (as an leabhar An tUas. Cogito)
Tráthnóna fómhair gan ghrian nuair is maith leis an Uas. Cogito cuairt a thabhairt ar bhruachbhailte salacha na cathrach. Níl foinse dhobróin níos íonghlaine ar fáil, dar leis.
Tithe na mbruachbhailte agus a gcuid fuinneog ciorclach
tithe na casachtaí ciúine
plástar ar crith
tithe na gruaige scáinte
agus na mílí
níl ag taibhreamh ach na simnéithe
sroicheann an clamhsán caol
imeall na foraoise
bruach an uisce fhairsing
ba mhaith liom ainmneacha a chumadh daoibh
sibh a líonadh le cumhracht na hIndia
tine na Bosparaise
monabhar na n-eas
tithe na mbruacbhailte agus bhur dteampaill slogtha
tithe agus crústaí aráin á mungailt acu
chomh fuar le codladh an phairilisigh
agus a gcuid staighrí ina gcrainn phailme deannaigh
tithe de shíor ar díol
tábhairní na tubaiste
tithe nach raibh riamh san amharclann
treoraíonn francaigh thithe na mbruachbhailte iad
chuig cladach an aigéin
ligeann dóibh suí ar an ngaineamh te
ligeann dóibh breathnú ar an oíche thrópaiceach
ligeann don tonn bualadh bos a thabhairt dóibh mar
chúiteamh
mar a oireann do shaol atá curtha amú