Dúil Mhúscraí 2022

แชร์
ฝัง
  • เผยแพร่เมื่อ 3 ต.ค. 2024
  • Mar chuid don cheiliúradh náisiúnta ar Oíche Chultúir i mbliana tá os cionn 40 imeachtaí á eagrú sa Ghaeltacht le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta. Beidh Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine 23 Meán Fómhair.
    Is iad Étáin agus Máire Ní Churraoin, nó An Chéad Ghlúin Eile, mar is fearr aithne orthu, ó Ráth Chairn, atá ceaptha mar ambasadóirí don Ghaeltacht d’Oíche Chultúir i mbliana. Tá oíche mhór cheoil ‘Bláth na hÓige’ eagraithe acu le roinnt aoíanna speisialta i nGaeltacht Ghlas na Mí, Seámus agus Caoimhe Uí Fhlatharta ina measc.
    Beidh Cuisle agus aos óg na Gaeltachta i gcroílár an cheiliúradh arís i mbliana. Tá Cuisle ag tacú le 18 imeacht, Ceolchoirm Ghlór na nOileán ina measc, Ealaín Beo na Rosann agus Dreoilíní Daingean Uí Chúis.
    Beidh réimse leathan ealaíona le brath sa chlár chuimsitheach a thacaíonn Ealaín na Gaeltachta leis idir cheol, damhsa, scannánaíocht agus litríocht a cheiliúreadh sna 40 imeacht ar fud na Gaeltachta ó Cheann Fhanada go Oileán Chléire agus ó Rath Carn go Inis Oírr.
    Tá méadú mór tagtha ar imeachtaí don Oíche Chultúir i Uíbh Ráthach i mbliana, le ceolchoirm i gCathair Dónaill, mic oscailte i mBaile an Sceilg, ceardlann ealaíona tráigh sa Ghleann, seoladh físeán ealaíne nua le Róisín Ní Chionnfhaolaidh, teilgean chloigíní chré umha agus camchuairt chultúrtha a thabharfaidh scéalta áitiúla na hoíche go lucht féachana ar líne. Is cinnte go raibh tionchar ag an dtogra Áit Ildánach Uíbh Ráthaigh ar an bpléascadh chultúrtha seo. Is deis iontach é an Oíche Chultúir triail a bhaint as imeachtaí nua a chuir ar siúl sa cheantar agus lucht féachana nua a mhealladh.
    Is iad Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh an cheanneagrais don dtogra Áit Ildánach Uíbh Ráthach. Is clár de chuid na Comhairle Ealaíona é Áiteanna Ildánacha agus tá Ealaín na Gaeltachta iontach sásta bheith mar chomhpháirtí lárnach.
    Agus iad ag ceiliúradh 70 bliain i mbliana beidh togra ag an gComhairle Ealaíona Read Mór ina mbeidh 4,500 leabhair tugtha go paisinéirí ar Bus Éireann agus Iarnród Éireann ar an oíche. Beidh scríbhneoirí agus foilsitheoirí Gaeilge agus Gaeltachta ina measc ; Tadhg Mac Donnagáin , Doireann Ní Ghríofa agus Sadhbh Devlin.
  • เพลง

ความคิดเห็น • 2

  • @IvesMarcelin
    @IvesMarcelin 2 ปีที่แล้ว

    ❤️❤️❤️

  • @mcgregorpiper
    @mcgregorpiper 2 ปีที่แล้ว

    If this doesn’t get your feet tapping then you are either deaf or have no feet.